Ainm choitianta ar an Leithinis go mór mhór sa Ghaeltacht is ea Feirtéar. Síneann an ainm siar chomh fada le sinsear Normánach, Walter le Fereter, a luaitear i gcáipéisí stairiúla 1252. Normánaigh b'ea na Firtéaraigh. Is dócha gur tháinig sé isteach go Ciarraí ó Bhleá Cliath in aonacht leis an dtiarna Normánach Geoffrey de Mareis. Tugtaí Dún Úrlann ar a mháinéar. Ceann dos na cearta a tugadh dos na Fereters ná ceart gadaithe, coirithe, nó a leithéid a chrochadh dá mbéarfaí ortha i mbun coire. Ní raibh an ceart san ag mórán ridirí. Chroch Philib Fereter Normánach a bhí ag goid eorna uaidh. Philib [an Sinsear] an chéad duine eile a tháinig i réim agus lean Philib sóisireach a bhí ina chónaí sa cheantar sa bhliain 1325 é. Ins na glúnta a lean, tháinig Nioclás i 1355, Tomás i 1375 agus go leor Nioclás eile i rith an 15ú aois. Choimeád na Feirtéaraigh a dtailte go dtí an 17ú aois. Thóg an baile an ainm Baile 'n Fhirtéaraigh uathu, agus bhí a máinéar ann leis. Níl aon tásc ar an tigh máineara anois. Bhí túr-thigh na bhFirtéarach timpeall dhá mhíle siar ón mbaile, agus tá an fothrach ann fós. Caithfidh gur tógadh na túr-thithe san 15ú aois. San am measadh ná beadh tigh máinéara ionchosanta a thuilleadh.
1201 - 1206 AD
Firtéaraigh Bhaile an Fhirtéaraigh

