Dingle History Single Event
28 April 1529 Conradh an Daingin IV
Shínigh Séamus Iarla Dheasúna agus Ambasadóír na hImpireachta 'Conradh' an Daingin i gCaisleán na bhFiac. Bhí sé dréachraithe in Translatio Imperii a mheáigh go raibh 'Tíreantacht' Annroi V111 tréis a cheart ar chríocha Dheasúna a chailliúint agus go raibh na cearta a bhí aige an thailte Dheasún aistrithe go dtí Séarlas V ina mbeadh cosaint 'ar a eastáit, a sheirbhísigh, gaolta agus lucht tacaíochta'. Mar thoradh ar sheirbhísí cuain cabhlaigh agus sochair gnó bhronn an tImpire ar nhuintir Dheasúna cothrom mar a bhí acu siúd ina ríochta féin. Ortha siúd a bhí i láthair ag síniú an Chonradh bhí Denis MacDonnell, Denis Cather dochtúir ealaíona agus leighis agus Muiris ó hIarlaithe Déan Ard Fhearta go mba bhaill iad do Chomhairle an Iarla. Deineadh é a sholaimiú le Te Deum in eaglais Naomh Shéamais. Caitheadh féasta agus bhronn Fernandez corn órga mar chomhartha ar a n-aontas.

View in English

Historian:
Dr. Declan Downey
Brussels, Algemeen Rijksarchief-Archives Générales du Royaume, Négociations d'Angleterre, I, 25, 71, 90. London, British Library, Additional Mss. 28, 578, 194. Declan M. Downey 'Irish-European Integration: The Legacy of Charles V' in Judith Devlin & Howard B. Clarke (eds.) European Encounters. Essays in Memory of Albert Lovett (Dublin, 2003), pp.103-4; Jack McKenna Dingle (Killarney, 1985, reprinted 1995), pp. 21-2.