Bhí daoine Neoliteacha ann a fheistigh clocha ar an dtaobh tíre i dtiúin leis na spéartha. Tá chlocha atá i líne nó an tsraith do thrí mheigilit in Árda Mór, Lios Póil an ceann is suaithinsí i gCorca Duibne.Tuigtear anois go bhfuil tábhacht creidimh nó deasghnátha leo agus b'fhéidir go raibh tábhacht gealaí agus deasghnátha ag baint leo chomh maith, maraon le úsáid phraicticiúil. Tá a bhfurmhór acu dírithe soir ó thuaidh agus siar ó dheas ag braith ar stáideanna na gealaí. D'fhéadfadh go rabhadar mar fhéilire ag feirmeoirí lena léiriú cathain a treabhfaí agus a cuirfí an síol. Sampla eile ná ciorcail do clocha cruinne agus áiteanna ina bhféadfaí deasghnátha creidimh a cheiliúradh. Níl siad seo i gCorca Duibne, nó m'fhéidir go bhfuilid imithe nó tógtha chun siúil. Clocha, nó pollaí adhmaid i gciorcail, sin rud a bhí an- choitianta in Éirinn ón ré Neoliteach agus níos déanaí. Is minic iad le fáil i mbarr choic agus cuid acu ag dul siar go dtí 1000 RC, b'shin Ré na Cré-úmha. .

