Bhris fórsaí na Parlaiminte fé Lord Broghill ag Cnoc na Claise (?) Contae Chorcaí ar fhórsaí na Comhdhála fé Chormac Mac Cárthaigh Bíocunta Mhúscraí. Ansin mháirseáil General Edward Ludlow fara Major General Hardress Waller agus Broghill isteach i gCiarraí le 4,000 saighdiúir coise agus 200 de mharcshlua in aghaidh dhaingean Mhúscraí, Caisleán Rossa. Bhí an bealach soláthairtí ó Chaisleán na Mainge gearrtha ag Ludlow. Fuair sé báid ghunna réamhdhéanta i gCorcaigh agus thug iad i mbáid go Caisleán na Mainge agus ar talamh as sin go Loch Léin mar ar cuireadh le chéile arís iad agus ar snámh sa loch. Chaill cosantóirí an Chaisleáin a misneach agus ghéilleadar. Date : The 22 June of the 5th of July

