Bás Liam Ridire Chiarraí agus a mhic Muiris agus caoineadh Phiarais Firtéir
Bás aonú Ridire déag Chiarraí. An bhliain seo bhásaigh a mhac Muiris, maorsháirsint i Tercio Thír Chonaill in arm na Spáinne, sa bhFlóndras direach sular ghabh a dheartháir Pádraig páirt i gcosaint Arras féna ghobharnóir míleata Eoghan Rua Ó Néill. Tá Muiris á chaoineadh i ndán ag Piaras Feartéar a chara agus a chomhaos uasal (c. 1600-53), file agus ceannasaí Comhdhálach. Tá an caoineadh sin ar cheann de dhánta móra clasacacha de ré na Nua-Ghaeilge Moiche. Ceapadh mac Mhuiris, Oilibhéar Mac Gearailt und Sonnsfeldt ina chaptaen i Tercio Thír Chonaill.

