Ogham [ogham an lae inniu] – tá an scríbhinn bunaithe ar línte leanúnacha, nó stríocaí ar chiosa cloiche ag léiriú litreacha na haibítire. I bhfocla eile is í an tsean-shlí scríbhneóireachta a meastar, a saolaíodh timpeall na bliana 400 AD. D'imigh an t-ogham as úsaid timpeall 600 AD. Tá na hogham chlocha le feiscint mar chlocha móra ag seasamh [galláin] agus is dóichí mar a raibh daoine tábhachtacha adhlachta. Tá samplaí brea díobh seo i gCorca Duibne: tá an séu cuid don ogham-scríbh ar fad le fáil sa cheantar seo. Is é an t-ogham an chéad scríbhinn ar domhan a léirigh spásanna idir focla. Bhí scríbhinní eile ann, gan aon spás idir focail, ach bhreac manaigh Éireannacha na spásanna ina scríbhinní Laidne agus thug don domhan mór focla le spásanna eatortha.

