Trádáil lín ag tosnú sa Daingean
Sa Linen Act 1660 cuireadh iallach ar thionóntaí feirme líon a chur ar an seascú cuid dá n-ithir churtha go léir agus thug Bord Lín na hÉireann deontas d'allmhairiú shíl mhaith lín ó Mheirice Thuaidh agus é a sheachadadh ar lascaine in Éirinn. In 1732 d'allmhairigh Ridire Chiarraí sárshíl ar a chostas féin sa Daingean agus i nDairire. Réitigh sé faiche tuartha sa Daingean. Fén mbliain 1751 bhí dháréag scoil fíodóireachta i gContae Chiarraí agus ceann acu sa Daingean. Tosnaíodh le seol caol agus na céadta 'bandle-weaver' ag obair leo i dtithe feirme agus i mbotháin lasmuigh den mbaile.

