Cath Bhaile na hAbha (Baile na Saor)
Nuair a briseadh ar an gComhaontas Spáinneach-Ghaelach i gCionn tSáile chúlaigh Ridire Chiarraí go dtína thailte i gCorca Dhuibhne. Chuaigh fórsaí Wilmot ar a thóir, bhris air i gCath 'Ballihow' a nglactar leis gurb é sin 'Baile na Saor' inniu i gcóngar Chaisleán na Minarde a ghaibh fórsaí Sasanacha.

