Tógáil Burnham House in aice leis An nDaingean
Thóg Thomas Mullins, mac mic don oifigeach Cromalach Frederick Mullins a thigh mór sa stíl Sheoirseach nua-Phalláideach dhéanach ar chostas £4,000. Tógadh é ar láthair thí mhóir eile. Tugadh Ballingolin (Baile an Ghóilín) ar dtús ar sin ach i 1666 thug Fredrick Mullins Burnham air óna áit breithe i Sasana. Rinneadh barún de Thomas in 1797. Rinneadh Tiarna dá mhac mar 'First Viscount Ventry' 29 Iúil 1800 ar iarratas an phríomhaire 'Lord Castlereagh' ar son vótáil do Acht an Aontaithe.

