Bhí saol poilitíochta luath-Éireann an- chasta agus deacair le tuiscint i gcótheacs dearcadh an lae inniu. Bhíodh ríocht leath anuas ar ríocht eile. Mar shampla Corcu Duibne, aonad polaitiúil ab ea é seo, ina raibh trí ríocht níos ísle, Aos Irrais Tuaisceart, Aos Irrais Deisceart agus Aos Conchinn. Bhíodh a 'dtithe' seo in iomaíocht le chéile le ceannas a bhaint amach ar Chorca Dhuibhne, a bhí ar leibhéal níos airde ná iad. Níos airde ná san arís, bhí Corca Dhuibhne ina chuid de Ríocht Mumhan. Bheadh Rí Mumhan ansan ag iomaíocht le bheith ina Rí ar Éirinn.

