Léiríonn cáipéisí go mbíodh an-choimhlint imeasc na gclanna ba mhó cumhacht i gcás, cé a bheadh ina shagart paróiste. Cuid acu seo bhí oidhreacht i gceist sa chás go gceaptaí sagairt go raibh céilí leapan acu agus muirear orthu. Ní cuirtí aon chosc ar leanbh an tsagairt teacht in oidhreacht ar pharóiste a athar. Bhí deachmhaithe, táillí agus dleachta i gceist, agus airgead maith le déanamh. Deintí na socraithe seo gan aon chead ón Easpag áitiúil agus théadh na gearánaithe iad féin 'on Róimh go minic. Bheadh an Vatacáin sásta údarás Pápachta a thabhairt d'iarratas faid is go ndíolfaí táille oiriúnach, agus is minic a bronnadh údarás an pharóiste chéanna ar bheirt ag amanna difriúla. 'Reathaithe Róimhe' a tugadh ar na sagairt seo, agus duine acu san b'ea John de Mory [Mórach] ó Chorca Dhuibhne. Fuair sé bás i mBologna agus é ar a shlí abhaile ón Róimh sa bhliain 1490. Meastar gur iompar mar seo a chuir bonn le teacht an Reifirméisin. Le linn an Fhrith-Leasú Creidimh a lean an Reifirméisean chuir an eaglais Chaitiliceach cosc ar an iompar seo.

