D'athain Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, Aodh Rua Ó Dónaill, Iarla Thír Chonaill, agus an Rí Pilib III na Spáinne, Séamas mac Tomáis Rua Mac Gearailt 'Conna' mar Iarla Deasmhumhan. Ach thug a fheasúra 'Iarla an tSúgáin' air. Mar ar fhreagra ar Liam Mac Gearailt, aonú Ridire déag Chiarraí a dhiúltú bheith páirteach ina éirí amach, dhóigh Séamas An Daingean. Chloígh Liam le húdarás Eilíse I agus d'iarr sé cosaint a fórsaí fé cheannas Sir Charles Wilmot. Rinne lucht tacaíochta Shéamais fé cheannas Piers de Lacy iarracht ar thailte Ridire Chiarraí a chreachadh ach buadh orthu agus maraíodh beirt dá gcaptaein, Ó Ceallaigh agus Mac Coistealbha agus seisear fear déag dá saighdiúirí. Níor chaill fórsaí an Ridire fear.

