Le linn na tréimhse seo, ba léir ar shloinnte ceannaithe an Daingin gur shíolraíodar ó chúlraí éagsúla, ach ní raibh aon tsloinne Gaelach ina measc. Bhí sean- shloinnte Normánacha ón gceantar mar Treantach, de Rís, de Barra, Mágh, Búlaeir, Palmer. Tháinig cuid eile acu ó lasmuigh don gceantar ach go raibh ceangal fós acu le Ciarraí mar de Nógla, agus Breatnach, a thuilleadh beagán níos sia ó bhaile mar Scidigh agus Gabhlánaigh agus Móinbhíol ó Dhún Garbhán. Níltear ró-chinnte cad é treabhchas na Muiríosach nó na Ruiséalach. San am bhí ceannaithe an Daingin ag trádáil le Sasana, an Fhrainc agus an Spáinn. Tá rian fós do na dreamanna seo ar na clocha greanta ar thithe i Sráid an Doirín gur clocha iad a bheadh seans in úsáid ar dhoirse túrthithe lucht gustail an bhaile

