Ruathar cabhlaigh Pharlaimntéaraigh ar an nDaingean
Tar éis Séarlas I a chloí sa chogadh cathartha i Sasana thuig Parlaimint Shasana chun athghabháil ar Éirinn go gcaithfeadh sé ceann droichid a fháil sa Mhumhain mar a raibh buíon dhaingean armtha Phrotastúnach fé stiúir Roger Boyle Lord Broghill agus Murchadh Ó Briain. Bhíodar araon [ ? Lord Inchiquin] gafa sa bhfeachtas in aghaidh Chomhdháil Chill Chainnigh a bhí dulta i laige de bharr aighneas inmhéanach. Cuireadh scuadrún cabhlaigh parlaimintéaraigh le patról a dhéanamh ar an gcósta thiartheas chun aon soláthairtí do sna Comhdhálaithe ón Spáinn nó ón bhFrainc nó ón bPléamann a chosc. Cuireadh saighdiúirí i dtir i 'mBunratty' rud a chuir mar a bheadh leigear ar Luimneach agus ar bhéal na Sionna agus a scrios An Daingean.

