Sa bhliain 1573 d'fhógair na Gaeil Sos Cogaidh tréis bháis cheithre mhíle fear. Ar na ceannairí gur tugadh párdún dóibh as a dtacaíocht do Mhac Muiris, bhí Seán, Ridire Chiarraí, agus ceannaire uaisle Chorca Dhuibhne, a ainmnítear mar Feirtéarach Bhaile an Fhirtéaraigh, de Mórdha Chill Chuáin, Trant Fionn Trá, Mac Dúill ó Bhaile Mhac 'n Dúill, Boighléir, Baile an Bhoighléirigh agus na trí dreama Muircheartach, i mBaile na Cúirte, An Chill, agus Lios Deargáin. Léirigh cáipéisí ina dhiaidh sin go raibh cheithre chéad fear ón Leithinis fé cheannas Sheáin Chiarraí.

